Jimmí ‘the Yank’ Ó Sé

Le Seán Ó Sé

‘Is mó lá agus óiche i mbliain is fiche ach is mó ná san de chorr i saol an duine’.  B’shin mar a thosnaigh m’athair an dlúthdhiosca ‘Malairt Poirt ó Fionntrá’, bailiúchán dá scéalta, smaointe agus poirt.  Agus, go deimhin, is mó corr a bhí ina shaol féin.

Saolaíodh m’athair, Jimmí Ó Sé, i gcathair Pittsburg Mheiriceá ag am stairiúil i Márta na bliana 1916.  Bhí an Cogadh Mór ar siúl agus thárla Éirí amach na Cásca in Aibreán na bliana céanna.  D’fhill a mhuintir ar an t-seanfhód i 1920 agus lonnaíodar i bparóiste Fionntrá, áit dúchais mo sheanathar, áit a cheannaíodar feirm.  Saor cloiche ab ea mo sheanathair, Peats Pheats Ó Sé, agus is mó tigh a thóg sé sa dúichigh.  Uaidh siúd, a chuaigh go Meiricá i 1902 agus óna bhfuair an chlann ar fad an leasainm na ‘Yanks’, a fuair m’athair bua na scéalaíochta.  Óna mháthair, Deila Breathnach a d’fhoghlaim sé ‘Séamaisín’, a chéad port ar an mbosca ceoil nuair nach raibh sé ach ocht mbliana d’aois.

Na cuimhní b’fhaide siar a bhí ag m’athair ná, agus é ina gharsún, bheith ag bothántaíocht lena athair thíos i dtigh Sheánín Pheatsaí ar na Ráithíneacha.  Chuaigh an scéalaíocht agus an cur agus cúiteamh go mór i bhfeidhm air agus is minic a dheineadh sé tagairt do scéal nó nath cainte a bhí cloiste aige na h-óicheanta sin.

Cé gur thaithin an scoil go mór le m’athair, ba mhó lá as láthair aige.  Is dócha gur ghlac a mhuintir leis gur le feirmeoireacht a raghadh sé agus gur thabhachtaí obair na feirme ná scoil.  Ba ar lá mar seo i 1927 agus meitheall acu ag baint stuaicín, m’athair ina measc, a chualadar an glór san aer ag teacht ina dtreo aniar aduaidh thar Shliabh an Iolar.  Ansan chonaiceadar an t-aer árthach ag gabháil tharastu, ní mó ná cúpla céad troithe ós a gcionn.  Fuaireadar amach cúpla lá ina dhiaidh sin gur b’é Charles Lindberg a bhí ann ar a shlí ó Nua Eabhrac go Páras na Fraince, an chéad fhear a d’eitil thar an t-Aigeán Atlantach.

De réir m’athair ní raibh mórán measa acu ar an mbaile ar cheol a mháthar.  Ba ó Mhaigh Eó di siúd agus ní raibh taíthí acu ar an gceol dheifriúil ón dtaobh sin tíre.  Sleámhnáin agus pólcaí a bhí uatha do na seiteanna.  Bhí cluas an cheoil ag m’athair agus ní fada go raibh sé féin cumasach go maith ar an mbosca ceoil.

Sarar thosnaigh na hallaí rince bhíodh na ‘Ball Nights’ acu sna tithe.  Bhailídís pinginí ó éinne a bhíodh le teacht ann agus cheannaídís baraille pórtair.  Bhí tithe áirithe timpeall na dúichí go mbíodh na ‘Ball Nights’ seo go rialta iontu.  Bhíodh éileamh ar éinne a d’fhéadfadh ceol a sheinnt do na seiteanna.

Sna triochaidí a thosnaigh na hallaí rince.  Mícheál Ó Máirtín a d’oscail an halla rince i gCeanntrá.  Bhíodh m’athair, maraon le mórán eile ag seinnt ann.  Leis na hallaí nua, tháinig ríncí nua, ina measc an seana bhals agus an Foxtrot, agus mar sin ceol nua.  I measc na bpíosaí a sheinn m’athair ag an am bhí ‘Moonlight in Mayo’, agus ‘Morning in May’ don bhals agus ‘Sing to me Gypsy’ agus ‘Lily Marlene’ don Foxtrot.

D’fhill m’athair ar Mheiriceá ag deireadh an Dara Chogaidh Domhanda sa bhliain 1946.  Is dócha go raibh ceangal ann toisc gur rugadh ann é.  Chuaigh sé go Detroit, áit a raibh flúirse oibre.  Fuair sé obair in uachtarlann, rud a d’oir go mór dó mar bhí an ceangal ann le feirmeoireacht.  Ach bhí a chroí i gcónaí i bhFionntrá agus tar éis sé bliana d’fhill sé abhaile sa bhliain 1952.  Ach sarar tháinig sé abhaile dhein sé ábhar taistil.  Bhí cairt ceannaithe aige agus thiomáin sé suas timpeall na Locha Móra, amach go Minnesota agus suas chomh fada le Quebec i gCeanada.  Is ansan a tháinig sé trasna ar scrín St Anne De Beaupré agus as san a thosaigh a dheabhóid do Naomh Áine.  Thar na mblianta, thug sé féin agus mo mháthair trí thuras go dtí an scrín.

Ar long a chuaigh m’athair go Meiricá, ar eitleán a tháinig sé abhaile.  Bhí an saol ag athrú go tapaidh agus bhí ré na teicneólaíochta tagtha.  B’fhíor san i gCorca Dhuibhne chomh maith, cé gur moille ansan na h-athraithe b’fhéidir .  Cheannaigh sé tarracóir agus measaíní agus chuir sé seirbhís ar fáil d’fheirmeoírí na dúichí.  Bhí ana éileamh ar an t-seirbhís nua seo agus ba mhór an faoiseamh a thug sé d’fheirmeoirí, go h-áirithe don treabhadh agus do bhaint an fhéir chomh maith le obair eile a d’fhéadfadh measaíní a dhéanamh go saoráideach.  Phós sé mo mháthair, Caitlín Ní Bheoláin i 1957 agus chuireadar fúthu i mBaile an Chóta, Fionntrá.  Bhí siopa tuaithe ag mo mháthair.  Chaith m’athair blianta fada ag feirmeoireacht agus ag obair lena mheasaíní d’fheirmeoirí na leithinise.  Ní raibh mórán ama aige na blianta san a bheith ag seinnt ceoil. 

Ach nuair a bhí sé isteach sna h-ochtódí agus é ag tógaint an saol ábhar níos saoráidí, bhuail sé leis an gceoltóir, Steve Cooney, a spreag é chun tosnú arís leis an gceol.  Agus thug sé fé go fonnmhar.  Timpeall an ama céanna thosnaigh Roibeard Ó Cathasaigh as Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach, ag bailiú a cheol agus a scéalta agus ag taifeadadh.  Tá cuid den obair sin ar an ndlúthdhiosca ‘Malairt Poirt ó Fionntrá’, a seoladh ag ceiliúradh breithlá m’athar deich mbliana ó shin nuair a bhí sé deich mbliana agus ceithre scór.  Is iontach an t-seoid an dlúthdiosca sin dúinne, a chlann, a bhean Caitlín, a iníon Áine agus a bheirt mac, Seán agus Pádraig, chomh maith leis an ngarchlann agus ár ngaolta ar fad. 

Cailleadh m’athair, Jimmí’the Yank’ Ó Sé, fear fódúil, séimh, uasal, ar an 16ú lá de Mheán Fómhair 2015, i ngiorracht sé mhí do chéad bliain!  Mar a déarfadh sé féin, ‘B’é toil Dé é’.  Mothaimíd uainn go mór é.

Beannacht Dé lena anam agus le hanamacha na marbh go léir.