Buaiteóirí comortas filióchta Sult na nÓg 2018

The Winners of the Poetry Competition are as follows
Buaiteóirí comortas filióchta Sult na nÓg
Included in the photos are John Canty Chairman Kerry CCÉ Karen Trench Kerry CCÉ agus Ann Cummins Treoraí na Gaeilge

Rang 3 agus 4

An Chéad duais     Luke Rochford,  Baile Dubh

An Dara duais       Jake Rochford, Baile Dubh. 

An Triú duais:       Cáit Ní Treantaigh, Dromclough.


Rang 5 agus 6

An Chéad duais     Muiris Ó Concubhair, Baile Dubh

An Dara duais       Aisling Ní Laocha, Dromclough

An Triú duais        Pádraig Ó Treantaigh, Dromclough 





An Óige 

“Féach ar an ngrianghraf ar an mballa” arsa mamó.

Bhí mé ocht mbliana sa ghrianghraf sin.

Bhí mé óg agus aerach.

Bhí dath dubh ar mo chuid gruaige.

Bhí mé dathúil.

Is seanbhean anois mé.


Chrom sí a ceann.

Chuir mé mo lámh ar a gualainn.

Beidh tú óg agus aerach,

i mo shúile i gcónaí, a mhamó.

Maith thú, a dúirt sí.


Niamh Nic Gearailt,

Scoil Náisiúnta An Bhaile Dhuibh,



An Óige

Déan d’obair bhaile

Cuir slacht ar do sheomra.

Tabhair bia don chat.

Glan an seomra suí.

Nigh d’aghaidh.


Lig amach mé a mham.

Tá an ghrian go hard sa spéír.

Tá mé óg agus aerach.

Lig amach mé a mham!

                                                         

Aoibhinn Ní Chonchubhair,

Scoil Náisiúnta An Bhaile Dhuibh,



An Óige

Is maith liom a bbheith ag léamh,

Is maith liom a bheith ag gáire,

Is maith liom a bheith ag seinm ceoil,

Cad a thárla?


Is maith liom a bheith ag imirt peil,

Is maith liom a bheith ag damhsa,

Tá alán caitheamh aimsire agam,

Agus tusa?


Is maith liom a bheith ag súgradh,

Is maith liom a bheith ag canadh,

Is maith liom a bheith ag léim,

Mar aosanach is ea mise!

                                                         

Maire Ní Riada,

Scoil Náisiúnta Dromcloch



An Óige

Go minic cloiseann tú páistí

Amuigh sa chlós ag súgradh.

An gcloiseann tú daoine fásta

Amuigh sa ghairdín ag luascadh?


Tá daoine fásta cúramach

Ag siúl gach áit le bata ina láimh.

Ach is mise duine óg gan scath, gan eagla,

Ag siúl, ag rith agus ag snámh.


Feiceann tú daoine óg

Ag imirt spórt amuigh fén aer.

An gcloiseann tú daoine fásta

Ag damhsa agus ag léimt san spéir?

 

Le Mckenzie Ní Mhaoilmhichil

Scoil Náisiúnta na Toirbhirte, Lios Tuathail.



An Óige

Ba mhaith liom a bheith óg go deo….


Is am iontach é.

Tá alán rudaí le feiceáil agus le déanamh.

Téann mé ar scoil gach lá agus buailim le mo chairde

Rud nó dhó a fhoghlaimid freisin.


Téimid go dtí an trá

Spraoi agus craic againn ann

Le damhsa agus le canadh

Ag snámh san fharraige

Agus ansin bainim taithneamh mór

as an uachtar reoite ramhar.


Téann mé go dtí áiteanna is maith liom

Déanaim na spoirt is breá liom

Ní chaithfidh mé a bheith ag obair

Níl curamaí ná imní orm in aon chor.


Ba mhaith liom a bheith óg go deo!


Le Cáit de Trant

Scoil Náisiúnta Dromcloch.

 

 

Mol an Óige

Is iontach an rud an óige mar bíonn tú in ann aon rud a dhéanamh.

Is iontach an rud an óige mar níl aon imní ort.

Is iontach an rud an óige mar tá gach aon rud suimiúil agus corraitheach.


Is iontach an rud an óige mar tá gach rud ar fheabhas.

Is iontach an rud an óige mar tá gach duine cneasta agus deas.

Is iontachh an rud an óige mar níl alán obair bhaile.


Is iontach an rud an óige mar bíonn tú ag déanamh cairde.

Is iontach an rud an óige mar tá alán blianta ós do chomhair.

Is iontach an rud an óige mar is cuma leat mar níl fadhb ar bith agat.


Le Grace Linnane

Scoil Náisiúnta Dromcloch.